Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Filipigh 1:18

An Bíobla Naofa 1981

Ach nach cuma é? Mar, cibé acu le cur i gcéill nó le dáiríreacht é, is é Críost atá á fhógairt ar aon chuma agus sin é an rud a chuireann áthas orm; agus leanfaidh mé ag déanamh áthais mar gheall air

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.

iadsan na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.”

Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin.

Dúirt Íosa leis: “Ná cuirigí aon chosc leis, óir an té nach bhfuil in bhur n‑aghaidh, tá sé ar bhur son.

Cad atá le rá mar sin? An fearr an bhail atá orainne ná mar atá orthusan? Ní fearr ar chor ar bith, mar chuireamar i leith Giúdach agus Gréagach cheana féin go bhfuil siad uile faoi smacht an pheaca

Cad é mar sin? An ndéanfaimid an peaca nuair nach faoin dlí atáimid ach faoi ghrásta? Nár lige Dia sin!

Céard atá i gceist agam? Go bhfuil brí ar bith leis an mbia a ofráiltear d'íola nó go bhfuil brí ar bith leis an íol?

Cad atá le déanamh mar sin? Tá, go ndéanfaidh mé guí le mo spiorad ach go ndéanfaidh mé guí le m'intleacht chomh maith. Canfaidh mé le mo spiorad ach canfaidh mé le m'intleacht chomh maith.

Ach is cuma idir mise agus iadsan, sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse.

mar go bhfuil a fhios agam go rachaidh sé chun mo shlánaithe le cabhair bhur n‑urnaithese agus le cúnamh ó Spiorad Íosa Críost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí