“Cibé beag mór,” arsa Pól, “go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáimse - ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.”
Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé chuige cinn urra na nGiúdach agus nuair a bhí siad cruinnithe labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “cé nach ndearna mé aon ní in aghaidh ár gcine ná in aghaidh béasa ár sinsear, cuireadh i ngéibheann mé in Iarúsailéim agus tugadh suas do na Rómhánaigh mé.
Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.
Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach.