Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Filéamón 1:19

An Bíobla Naofa 1981

Agus dearbhaímse, Pól, duit, faoi mo láimh féin, go gcúiteoidh mé leat é; agus ní áirím go bhfuil d'anam féin mar fhiacha agam ort.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Rachaidh mise i mbannaí ar an mbuachaill; beidh mé freagrach duit ann; mura dtuga mé ar ais chugat é agus é a chur ina sheasamh os do chomhair, ansin bíodh a mhilleán sin ormsa go brách.

Agus cuirimse, Teirt, an té a scríobh síos an litir seo, mo bheannacht chugaibh sa Tiarna chomh maith.

Bíodh na mílte treoraí agaibh i gCríost, níl mórán aithreacha agaibh mar gur mise a ghin sibh in Íosa Críost tríd an dea-scéal.

Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.

Is sibhse ár litir chreidiúnais agus í scríofa ar ár gcroí agus í le haithint agus le léamh ag cách uile.

Mar dá dtagadh roinnt Macadónach le mo chois agus gan sibhse a bheith ullamh rompu, nach ormsa a bheadh an náire, gan trácht oraibh féin - tar éis dom bheith chomh teann sin asaibh?

Seo mise Pól á rá libh nach ndéanfaidh Críost aon mhaitheas daoibh má dhéantar timpeallghearradh oraibh.

Féachaigí na litreacha móra seo ina bhfuilim ag scríobh chugaibh le mo láimh féin.

Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh.

Guím grásta agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár Slánaitheoir Críost Íosa ar Thíteas, mo mhac dílis sa chreideamh atá i bpáirt againn.

Agus cibé eágóir a rinne sé ort nó cibé fiacha atá air, cuir ar mo chuntas-sa é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí