Agus cibé eágóir a rinne sé ort nó cibé fiacha atá air, cuir ar mo chuntas-sa é.
Rachaidh mise i mbannaí ar an mbuachaill; beidh mé freagrach duit ann; mura dtuga mé ar ais chugat é agus é a chur ina sheasamh os do chomhair, ansin bíodh a mhilleán sin ormsa go brách.
Dá bhrí sin, a dhuine na páirte, fáiltigh roimhe mar a d'fháilteofá romham féin.
Agus dearbhaímse, Pól, duit, faoi mo láimh féin, go gcúiteoidh mé leat é; agus ní áirím go bhfuil d'anam féin mar fhiacha agam ort.