Rug sé ar láimh ar an dall agus sheol as an mbaile é, chaith sé seile ar a shúile agus ar leagan a lámh air d'fhiafraigh de: “An bhfeiceann tú aon ní?”
D'fhreagair sé: “An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Siolóam agus nigh.’ D'imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.”
Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeifeá saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus uinnimint le do shúile a ungadh chun go mbeadh radharc agat.