Dúirt Íosa: “Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann, agus go ndallfaí an dream a fheiceann.”
Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suain a dhoirteadh sa mhullach oraibh; thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe, agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe.
Dúirt sé liom: “Imigh agus abair leis an bpobal seo: ‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint, breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.
“A mhic an duine, tá cónaí ort le dream ceannairceach a bhfuil radharc na súl acu ach nach bhfeiceann siad, a bhfuil cluas le héisteacht acu ach nach gcluineann siad; óir is ceannairceach an dream iad.
Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -
“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;
Agus an daorbhreith, is mar seo í: mar gur tháinig an solas isteach sa saol, agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solas de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.
Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”
D'fhreagair seisean iad ansin: “Más peacach é - níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé i mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.”
chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”
do bhuíon acu is boladh marfach é a sheolann chun báis iad, agus don bhuíon eile is boladh beomhar é a sheolann iad chun na beatha. Agus cé atá in ann chun na hoibre seo?
agus le teann urchóide cuirfidh sé cluain orthu siúd atá ar bhealach a n‑aimhleasa, de bhrí nach nglacfaidís leis an ngrá don fhírinne a chuirfeadh ar láimh shábháilte iad.
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.