Níor chualathas riamh ó thús an domhain gur oscail aon duine súile duine a rugadh ina dhall.
Is eol [dom] seo ó na cianta, Ó cuireadh an duine ar talamh:
Cluas níor chuala ná súil ní fhaca dia ar bith ach tusa ag seasamh leis an té a chuir a mhuinín ann.
de réir mar a labhair trí bhéal a naomhfháidh anallód -
Dúirt cuid eile: “Ní focail deamhnaigh na focail seo. An féidir le deamhan súile na ndall a oscailt?”
Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin.
Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo, níorbh fhéidir leis aon ní a dhéanamh.”
Agus tharla tintreacha agus tormáin, agus toirneacha; agus tharla crith mór talún nach raibh a leithéid ann ó tháinig daoine ar an domhan, bhí an crith talún úd chomh tréan sin.