Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 9:25

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair seisean iad ansin: “Más peacach é - níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé i mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

D'fhreagair sé iad: “An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: ‘Tóg do shráideog agus siúil.’ ”

Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.”

Dúirt siad leis ansin arís: “Cad a rinne sé leat? Conas a d'oscail sé do shúile?”

D'fhreagair an fear: “Is iontach an rud é go deimhin,” ar sé leo, “nach bhfuil a fhios agaibh cad as dó, agus gur oscail sé mo shúile domsa.

An té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia, bréagnaíonn é mar nach gcreideann sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí