Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriathar Bhur muintir féin gur fuath leo sibh, agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m'ainm, deir siad: “Taispeánadh an Tiarna a ghlóir, go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.” Ach is orthu féin a bheidh an náire.
An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mba fáidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sort í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.”
Nuair a chonaic uachtaráin na sagart agus a muintir é, scread siad amach: “Céas é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “Tógaigí sibhse é agus céasaigí é, óir ní fhaighimse cúis daortha ann.”
i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.
Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?” Agus bhí aighneas eatarthu.
D'fhreagair seisean iad ansin: “Más peacach é - níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé i mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.”
An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn
Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas.