Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 9:10

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt siad leis ansin: “Conas a osclaíodh do shúile mar sin?”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ní eol duit conas a dhealbhaíonn an t‑anam an ghin atá i mbroinn mná torraí; mar an gcéanna, ní eol duit ach oiread obair Dé, cruthaitheoir an uile ní.

D'fhiafraigh siad ansin de Bharúch: “Inis dúinn,” ar siad, “conas a scríobh tú na briathra seo uile.”

agus go gcodlódh sé féin agus go n‑éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan fhios dó.

D'fhreagair Níocodaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis.

Ina dhiaidh sin d'imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias.

D'fhreagair sé: “An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Siolóam agus nigh.’ D'imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.”

D'fhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: “Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.”

Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní eol dúinne, ná cé a d'oscail a shúile ní eol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.”

Dúirt siad leis ansin arís: “Cad a rinne sé leat? Conas a d'oscail sé do shúile?”

Dúirt daoine eile: “Ní hé, ach is cosúil leis é.” Dúirt sé féin: “Is mé é.”

Fiafróidh duine éigin: “Conas a aiséireoidh na mairbh? Cén sórt coirp a bheidh acu ag teacht?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí