Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 8:9

An Bíobla Naofa 1981

Arna chlos sin dóibh d'imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”

Lean an rí air agus dúirt le Simeí: “Tá a fhios agat i do chroí cén urchóid go léir a rinne tú do m'athair Dáiví. Tabharfaidh an Tiarna d'urchóid sa mhullach ort féin.

Nochtfaidh na flaithis a urchóid, Agus éireoidh an talamh ina choinne.

Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.

Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.

Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost? An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é? Táim do do cheartú agus do do chúisiú.

Go gcuirtear trína chéile is go gcloítear a bhfuil ar tí m'anama. Go gclúdaítear le míchlú agus náire an drong ar mian leo mo dhochar.

Óir is maith atá a fhios agat gur cháin tú féin daoine eile go minic.

Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d'áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce.

D'éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: “A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?”

Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”

Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.

Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis:

Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh.

Taispeánann siad go bhfuil éirím an dlí greanta ar an gcroí. Agus mar fhianaise bhreise acu tá a gcoinsias féin agus a gcuid plé le chéile de réir mar bhíonn siad á chiontú seo nó á chosaint siúd.

Bíonn tú á rá gan adhaltranas a dhéanamh, ach an ndéanann tú féin adhaltranas? Is fuath leat na híola, ach an gcreachann tú a dteampaill?

Óir gur treise é Dia ná ár gcroí-ne agus is feasach dó an uile ní.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí