“Níl aon deamhan ionam, ach tugaim onóir do m'Athair agus tugann sibhse easonóir dom.
Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta, a reacht a mhóradh agus a onórú.
Dúirt sé liom: “Is tú mo ghiolla Iosrael trína saothróidh mé glóir dom féin.”
Arna chloisteáil sin d'Íosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.”
Athair, tabhair glóir do d'ainm!” Ansin tháinig guth ó neamh: “Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.”
Cibé ní a iarrfaidh sibh i m'ainm déanfaidh mé é, i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac.
Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.
D'fhreagair an slua: “Tá deamhan ionat! Cé atá ag iarraidh tú a chur chun báis?”
An té a chuir uaidh mé, tá sé in éineacht liom. Níor fhág sé i m'aonar mé, óir déanaim i gcónaí na nithe is taitneamhach leis.”
D'imigh siadsan leo ó láthair na sainidríne agus áthas orthu de chionn go mba fhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa.
Nach é a mhúineann an nádúr féin dúinn gur cúis aithise d'fhear a chuid gruaige a bheith fada aige
Cuirtear in easonóir; éireofar i nglóir. Cuirtear i laige; éireofar i neart.
Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.