Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 8:42

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Íosa leo: “Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh domsa. Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé; mar ní uaim féin a tháinig mé, ach chuir seisean uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

“Tugann an mac ómós dá athair agus bíonn an seirbhíseach urramach dá mháistir. Mar sin de, más athair mé, cá bhfuil an t‑ómós is dleacht dom? Más máistir mé, cá bhfuil an urraim is dlite dom? Sin mar a labhraíonn Tiarna na Slua libhse, a shagarta, a mhaslaíonn m'ainm. Fiafraíonn sibhse de, áfach, ‘Conas a mhaslaíomar d'ainm?’

Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.

Óir ní uaim féin a labhair mé, ach an tAthair féin a chuir uaidh mé, thug seisean ordú dom, cad a déarfainn agus cad a labhróinn.

ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall,

Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa? Na briathra a labhraímse libh, ní uaim féin a labhraím iad, ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa, eisean a dhéanann na hoibreacha.

Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.”

A Athair na córa, ní raibh aithne ag an saol ort; ach bhí aithne agamsa ort, agus bhí a fhios acu seo gur chuir tú uait mé.

óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad, agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor gur uaitse a tháinig mé, agus chreid siad gur tú a chuir uait mé.

Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd.

i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.

Tháinig mise in ainm m'Athar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine eile ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean.

D'fhreagair Íosa: “Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin, is iontaofa í m'fhianaise, óir is eol dom cad as ar tháinig mé agus cá bhfuil mo thriall. Ach ní eol daoibhse cad as ar tháinig mé nó cá bhfuil mo thriall.

Mallacht ar an té nach dtugann grá don Tiarna. Maranatha [tar, a Thiarna].

Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí,

Agus chonaiceamar agus tugaimid fianaise gur sheol an tAthair uaidh a Mhac, Slánaitheoir an tsaoil.

Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.

Ansin thaispeáin sé dom sruth uisce na beatha, é glan mar chriostal, ag teacht ó ríchathaoir Dé agus an Uain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí