Eoin 8:41An Bíobla Naofa 1981Déanann sibhse obair bhur n‑athar féin.” Dúirt siad leis: “Níor gineadh sinne ó dhrúis. Aon athair amháin atá againn, Dia.” Féach an chaibidil |
“Tugann an mac ómós dá athair agus bíonn an seirbhíseach urramach dá mháistir. Mar sin de, más athair mé, cá bhfuil an t‑ómós is dleacht dom? Más máistir mé, cá bhfuil an urraim is dlite dom? Sin mar a labhraíonn Tiarna na Slua libhse, a shagarta, a mhaslaíonn m'ainm. Fiafraíonn sibhse de, áfach, ‘Conas a mhaslaíomar d'ainm?’
Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.