Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 8:36

An Bíobla Naofa 1981

Má shaorann an mac sibh dá bhrí sin beidh sibh saor dáiríre.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Dírigh mo chéimeanna de réir do bhriathair; ná gabhadh an urchóid forlámhas orm.

Rithfidh mé ar shlí d'aitheanta; nuair a cheansóidh tú mo chroí.

Cé a fhéadfaidh a earráidí a aithint? ná leag orm mo pheacaí folaigh.

Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;

“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;

mar tá dlí Spiorad na beatha in Íosa Críost tar éis tú a fhuascailt ó dhlí an pheaca agus an bháis.

An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é.

Is é an Tiarna an Spiorad, agus aon áit a mbíonn Spiorad an Tiarna bíonn saoirse ann.

D'fhonn is go mbeimis saor is ea a d'fhuascail Críost sinn. Seasaigí go daingean dá bhrí sin agus ná cuirtear sibh faoi chuing na daoirse athuair.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí