Ní raibh macasamhail Acháb riamh ann, ar ndóigh, le hé féin a reic chun an t‑olc i súile an Tiarna a dhéanamh, agus é á spreagadh ag Ízeibil a bhean chéile.
Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích.
Nach bhfuil a fhios agaibh, má thugann sibh sibh féin suas do dhuine chun umhlú dó mar sheirbhísigh, gur seirbhísigh sibh don mháistir sin a n‑umhlaíonn sibh dó, cibé acu don pheaca chun báis, nó don umhlaíocht chun fíréantachta.
Tá a fhios againn é seo, gur comhchéasadh ár seannádúr mar aon leis ar an gcrois d'fhonn ár gcolainn pheacúil a chur ó rath, i dtreo nach mbeimis ag seirbhís don pheaca níos mó.
A bhuí le Dia go bhfuasclófar mé trí Íosa Críost ár dTiarna. Má fhágtar fúm féin mé, mar sin, is amhlaidh a bhím ag fónamh do dhlí Dé le m'aigne agus ag fónamh do dhlí an pheaca le mo cholainn.
nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire.
Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.