Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 8:33

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair siad é: “De shíol Abrahám sinne é, agus ní rabhamar inár ndaoir ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: ‘Saorfar sibh’?” D'fhreagair Íosa iad:

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

agus nárab áil libh a rá libh féin: ‘Tá Abrahám mar athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil d'Abrahám as na clocha seo.

D'fhreagaír siad agus dúirt leis: “Is é Abrahám ár n‑athair.” Dúirt Íosa leo: “Más clann d'Abrahám sibh, déanaigí mar a rinne Abrahám.

Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh, ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú, mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh.

Ansin dúirt an Tiarna le hAbrám: “Bíodh a fhios seo agat go dearfa: beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a mbeidh siad ina ndaoir agus mar a mbeidh siad faoi leatrom ar feadh ceithre chéad bliain.

Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana.

Óir is daoir sinn. Mar sin féin ní dhearna Dia dearmad dínn inár ndaoirse, ach nocht sé a bhuanghrá inár leith i láthair ríthe na Peirse agus fuair sé cead dúinn Teampall ár nDé a atógáil agus caoi a chur ar a fhothracha agus chuir sé foscadh agus dídean ar fáil dúinn in Iúdá agus in Iarúsailéim.

Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna teacht i gcabhair orthu, mar bhí naoi gcéad carbad iarainn ag Iábaín agus rinne sé géarleanúint dhian ar chlann Iosrael ar feadh fiche bliain.

Ansin bhladhm fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael, agus thug sé ar láimh iad do Chúisean Riseátaím, rí Eadóm. Bhí pobal Iosrael faoi dhaoirse ag Chúisean Riseátaím ar feadh ocht mbliana.

Nuair a cheapadh an Tiarna breithiúna dóibh, bhíodh sé i bhfochair an bhreithimh, agus shaoradh sé óna naimhde iad fad mhaireadh an breitheamh beo. Óir bhíodh trua ag an Tiarna dóibh as ucht a n‑uchlán agus iad á gcrá agus á gciapadh ag lucht a mbuartha.

Óir is searbhóntaí liomsa iadsan agus thugas ón Éigipt amach iad agus níl siad le reic mar dhaoir.

Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann d'Abrahám a thógáil as na clocha seo.

Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint? De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos.

ná ní clann Abrahám iad uile toisc gur dá shliocht iad. Ní hea sin, ach mar a deir an scrioptúr: “Is trí Íosác a ainmneofar sliocht duit.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí