Chreid a lán ann agus na nithe sin á rá aige.
Agus chreid a lán ansiúd ann.
Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann.
Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige.
Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.”
Bhí a lán den slua a chreid ann agus deiridís: “Nuair a thiocfaidh an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná mar a dhéanann an duine seo?”