Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 8:29

An Bíobla Naofa 1981

An té a chuir uaidh mé, tá sé in éineacht liom. Níor fhág sé i m'aonar mé, óir déanaim i gcónaí na nithe is taitneamhach leis.”

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.

Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta, a reacht a mhóradh agus a onórú.

Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht, rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú, agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobal agus i do sholas do na ciníocha,

Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”

Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.

Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”

Ach caithfidh an saol a aithint go bhfuil grá agam don Athair, agus go ndéanaim de réir mar a d'ordaigh an tAthair dom. Éirígí, agus téimis as seo.

Má choinníonn sibh m'aitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m'Athar, agus a fhanaim ina ghrá.

Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m'aonar. Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.

Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.

Dúirt Íosa leo: “Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.

Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin. De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas agus is cóir í mo bhreith, óir ní hí mo thoil féin a shantaím ach toil an té a chuir uaidh mé.

Óir tháinig mé anuas ó neamh ní chun go ndéanfainn mo thoil féin ach toil an té a chuir uaidh mé.

Má thugaimse breith, is cóir í mo bhreith, óir ní i m'aonar atáim, ach mé féin agus an tAthair a chuir uaidh mé.

Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin

Go raibh an Tiarna Íosa leat. Grásta go raibh agaibh.

Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.

Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;

A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.

Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí