“Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine, ansin beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach ndéanaim aon ní uaim féin, ach gur mar a theagasc an tAthair dom a labhraím na nithe seo.
Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t‑am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.
bhí a fhios agam féin go n‑éisteann tú liom i gconaí; ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall, a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”
Go deimhin féin a deirim leat, an ní is eol dúinn is air a labhraimid, agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.
Thug Íosa freagra: “Amen, Amen, a deirim libh, ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair. Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.
Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin. De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas agus is cóir í mo bhreith, óir ní hí mo thoil féin a shantaím ach toil an té a chuir uaidh mé.