Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 8:26

An Bíobla Naofa 1981

Tá a lán agam le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh. Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé agus na nithe a chuala mé uaidh is iad a labhraím sa saol.”

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m'Athair, chuir mé in iúl daoibh é.

Tá mórán eile le rá agam libh, ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;

óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad, agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor gur uaitse a tháinig mé, agus chreid siad gur tú a chuir uait mé.

D'fhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.

Go deimhin féin a deirim leat, an ní is eol dúinn is air a labhraimid, agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.

D'fhreagair Íosa ansin: “An teagasc seo a thugaim,” ar sé, “ní liomsa é ach leis an té a chuir uaidh mé.

Ghlaoigh Íosa ansin in ard a ghutha sa Teampall: “Tá aithne agaibh orm, más ea,” ar sé, “agus is eol daoibh cad as dom; agus ní uaim féin a tháinig mé; ach is fíor é an té a chuir uaidh mé, agus níl aithne agaibhse air.

Dúirt siad leis ansin: “Cé hé thú féin?” Dúirt Íosa leo: “Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor?

Níor thuig siad go raibh sé ag tagairt don Athair sa chaint sin leo. Dúirt Íosa leo ansin:

Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú, duine a labhair an fhírinne libh, faoi mar a chuala í ó m'Athair. Ní dhearna Abrahám é sin.

Dar Dia dílis ní raibh aon “sea” agus “ní hea” inár dteachtaireacht chugaibhse.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí