Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 8:25

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt siad leis ansin: “Cé hé thú féin?” Dúirt Íosa leo: “Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor?

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

“Más tú an Críost,” ar siad, “abair linn é.” Dúirt sé leo: “Má deirim libh é, ní chreidfidh sibh;

Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de:

Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú? - chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?”

Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: “An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.”

Chuaigh sé isteach sa Phréatóiriam arís agus dúirt le Íosa: “Cad as duit?” Ach níor thug Íosa aon fhreagra air.

Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”

Uime sin a dúirt mé libh: ‘Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’ Mura gcreideann sibh gur mise é, Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.”

Tá a lán agam le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh. Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé agus na nithe a chuala mé uaidh is iad a labhraím sa saol.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí