Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 8:23

An Bíobla Naofa 1981

Lean sé air: “Is ón áit thíos sibhse,” ar sé leo, “is ón áit thuas mise. Is den saol seo sibhse, ní den saol seo mise.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Níor pheacaigh mo bhéal de réir nós an duine; sheachnaigh mé an foréigean de réir bhriathra do bhéil.

Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.

Thug mé dóibh do bhriathar, agus thug an saol fuath dóibh, óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.

Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.

Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh, ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine [atá ar neamh].

An té a thagann anuas tá sé os cionn cách. An té atá ón talamh is ón talamh dó agus is dá réir a labhraíonn sé. An té a thagann ó neamh tá sé os cionn cách.

A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí