Ach an slua seo nach eol dóibh an dlí, tá mallacht orthu.”
Éistigí le briathar an Tiarna, a lucht na hábhachta, atá ag rialú an phobail seo in Iarúsailéim!
Is mairg a bhfuil meas saoithe acu orthu féin, agus a cheapann go bhfuil siad thar a bheith glic!
“Fan mar a bhfuil tú,” a deir siad, “ná bain díom; óir is naofa ná tusa mé.” Toit i mo shrón is ea an dream seo, tine nach múchtar ar feadh an lae.
Ar chreid aon duine de na huachtaráin nó de na Fairisínigh ann?
Níocodaemas - an té a tháinig chuige roimhe sin agus gur dhuine acu é - dúirt sé leo:
D'fhreagair siad agus dúirt leis: “I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?” Agus chaith siad amach é.
Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: “Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?”