Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 7:47

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair na Fairisínigh iad dá bhrí sin: “An féidir gur mealladh sibhse comh maith?

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Mar seo a deir an rí: ‘Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh mar ní bheidh ar a chumas sibh a fhuascailt as mo ghreim.

nó go dtaga mé agus sibh a bhreith liom go tír mar bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort, tír ológ agus meala, i dtreo nach bás ach beatha a bheidh i ndán daoibh. Ná héistigí le Hiziciá agus é ag cur an dallamullóg oraibh á rá: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt.

Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, ná cuireadh sé dallamullóg oraibh ar an tslí seo. Ná géilligí dó! Óir níor fhéad dia aon chine ná aon ríochta a phobal a fhuascailt ó mo ghreim ná ó ghreim mo shinsear. Nach lú go mór ná sin a fhéadfaidh bhur nDia sibh a fhuascailt ó mo ghreim!’ ”

“Agus cén fáth,” ar seisean leo á bhfreagairt, “a sáraíonn sibh féin aithne Dé ar son an traidisiúin seo agaibh?

agus dúirt siad: “A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: ‘I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.’

“Cá bhfuil sé siúd?” agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu á rá: “Duine maith é”; tuilleadh acu á rá: “Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.”

bíonn meas orainn agus drochmheas, clú agus míchlú. Bíonn ainm na bréige orainn cé go bhfuilimid fíor.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí