D'fhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.”
Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?”
Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar.
Agus féach é ag caint os comhair an tsaoil agus gan aon ní á rá acu leis. An amhlaidh le fírinne go bhfuil a fhios ag na huachtaráin gurb é an Críost é?
Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabhail.