Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.
Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.
‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’ ”
Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,
Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”
D'fhreagair ógánach díobh: “Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.”
Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”