Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 7:36

An Bíobla Naofa 1981

Cad í an chaint í seo a dúirt sé: ‘Beidh sibh ar mo lorg ach ní bhfaighidh sibh mé; agus an áit ina bhfuilimse, ní féidir daoibhse teacht ann’?”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

D'fhreagair an slua é ansin: “Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?”

A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair. Beidh sibh ar mo lorg, agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh, deirim libhse arís: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul ní féidir daoibhse teacht.’

Dúirt Níocodaemas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d'fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?”

D'fhreagair Níocodaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis.

Thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: “Is mise an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.”

Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?”

Ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: “Is crua an chaint í seo, agus cé a d'fhéadfadh éisteacht léi?”

Beidh sibh ar mo lorg, ach ní bhfaighidh sibh mé, agus an áit ina bhfuilimse ní féidir daoibhse teacht ann.”

Dúirt Íosa leo arís: “Tá mé ag imeacht agus beidh sibh ar mo lorg, agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca. An áit ina bhfuilim ag dul, ní féidir daoibhse teacht.”

An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí