Thug Maois, más ea, an timpeallghearradh daoibh - ní hé gurb ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha - agus déanann sibh timpeallghearradh ar dhuine fiú sa tsabóid.
“Ansin rinne Dia conradh an timpeallghearrtha leis, agus mar sin nuair a rugadh Íosác, rinne Abrahám é a thimpeallghearradh ar an ochtú lá. Rinne Íosác an rud céanna le Iacób agus rinne Iacób é leis an dáréag uasalaithreacha.
Ach is chuige seo atáim: an conradh a bhí daingnithe ag Dia, ní féidir don reacht a tháinig i bhfeidhm ceithre chéad agus tríocha bliain ina dhiaidh sin an conradh sin a chur ar ceal agus an gealltanas a chur ar neamhní.