Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 7:20

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair an slua: “Tá deamhan ionat! Cé atá ag iarraidh tú a chur chun báis?”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?

Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.”

Is é a dúirt na Fairisínigh, áfach: “Trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé amach na deamhain.”

mar go ndúirt siad: “Tá spiorad míghlan ann.”

Dúirt a lán acu: “Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad a ba áil libh a bheith ag éisteacht leis?”

D'fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” D'fhreagair Íosa:

“Níl aon deamhan ionam, ach tugaim onóir do m'Athair agus tugann sibhse easonóir dom.

Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’

Bhí Pól á chosaint féin mar sin nuair a dúirt Féastas in ard a ghutha: “Tá tú as do mheabhair, a Phóil! An iomad den léann atá do do thiomáint as do mheabhair.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí