Chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ina thaobh seo agus bhí siad ag lorg slí chun é a mharú; óir bhí eagla orthu roimhe mar bhí an slua go léir ag déanamh an-iontas dá theagasc.
Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.
Ina dhiaidh sin bhí Íosa ag gabháil thart sa Ghailíl, mar níorbh áil leis gabháil thart in Iúdáia mar go raibh na Giúdaigh ag iarraidh é a chur chun báis.
Sin é an fear a bhí leis an bpobal san fhásach i gcuideachta an aingil a labhair leis ar Shliabh Shíonái, agus i gcuideachta ár sinsear, agus a fuair briathra beo le tabhairt dúinne.
Cad chuige an dlí mar sin? Cuireadh leis an gconradh é toisc na gcionta nó go dtiocfadh an síol úd ar tugadh an gealltanas dó. Ordaíodh trí bhíthin aingeal é le cabhair idirghabhálaí.
Fiú amháin na daoine a ndéantar timpeallghearradh orthu, ní choimeádann siad féin an dlí, ach is maith leo sibhse a bheith timpeallghearrtha d'fhonn is go mbeidís ag maíomh as bhur gcolainn.
Ná déanaigí leathchuma i mbreithiúnas agus tugaigí cluas don bheag ar aon dul leis an mór; ná bíodh eagla oraibh roimh aon duine, mar is le Dia an bhreith. An chúis a bheidh ródheacair daoibh, tugaigí chugamsa í le héisteacht.”