Dúirt Eilíseá: “Éistigí le briathar an Tiarna; mar seo a deir an Tiarna: ‘Um an dtaca seo amárach, beidh tomhas den phlúr is míne á dhíol ar sheicil, agus dhá thomhas eorna ar sheicil, ag geata na Samáire.’ ”
Ach dúirt sé leo: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad: “Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile” -
Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, á rá leis: “A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.”
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.
gruth ón mbólacht, bainne ón tréad, bia saibhir ón bhféarach, reithí do phór Bháiseán, agus gabhair, bia saibhir de dhias na cruithneachta, agus fuil na finiúna glan mar dheoch.
Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dúile beo á rá: “Miosúr cruithneachta ar phingin, agus trí mhiosúr eorna ar phingin; agus ná mill an ola ná an fíon.”