Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 6:60

An Bíobla Naofa 1981

Ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: “Is crua an chaint í seo, agus cé a d'fhéadfadh éisteacht léi?”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.”

Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail.

Amen, Amen, a deirim libh, tá an uair ag teacht - tá sí ann cheana - nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.

Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?”

Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.” Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath.

Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh.

Dúirt a bhráithre leis dá bhrí sin: “Fág an áit seo agus imigh go Iúdáia ionas go bhfeicfidh do dheisceabail na hoibreacha atá tú a dhéanamh.

Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann: “Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre,

Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint? De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos.

Tá mórán le rá againn faoin ábhar seo ach beidh sé deacair dúinn é a mhíniú daoibh, mar tá sibh dallaigeanta.

agus labhair sé ar an ábhar seo faoi mar a dhéanann ina litreacha go léir. Tá nithe áirithe deacair le tuiscint sna litreacha céanna agus déanann lucht aineolais agus místuamachta iad a lúbadh chun a léirscriosta féin faoi mar a dhéanann siad leis na scrioptúir eile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí