Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 6:5

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a d'ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?”

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Cá bhfuil feoil le fáil agamsa le tabhairt don mhuintir seo go léir nuair a thagann siad chugam agus na deora leo á rá: ‘Tabhair dúinn feoil le hithe!’?

Ach dúirt na deisceabail leis: “Cá bhfaighimis a ndóthain aráin don slua seo, agus sinn san fhásach?”

D'imigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh.

Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide.

Lá arna mhárach bheartaigh sé dul don Ghailíl agus fuair sé Pilib. Dúirt Íosa leis: “Lean mise.”

Ó Bhéatsáide, ó chathair Aindriais agus Pheadair, a ba ea Pilib.

Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: “An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.”

Dúirt Natanael: “As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?” “Tar agus feic,” a dúirt Pilib leis.

“Cén chaoi a n‑aithníonn tú mé?” arsa Natanael leis. D'fhreagair Íosa: “Sular ghlaoigh Pilib ort,” ar sé leis, “agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú.”

Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann’? Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí