Thug tú arán ó neamh dóibh lena n‑ocras a shásamh. Agus thug tú na caisí uisce ón gcarraig dóibh dá dtart. D'ordaigh tú dóibh gabháil isteach, Agus seilbh a thógail ar an talamh A mhionnaigh tú a thabharfá dóibh.
Bhí an manna á ithe ag clann Iosrael ar feadh daichead bliain nó go dtángadar go críocha ináitribh. Bhíodar ag ithe an mhanna nó go dtángadar go teorainn Chanán.
Dúirt Íosa leo ansin: “Amen, Amen, a deirim libh, ní hé Maois a thug an t‑arán ó neamh daoibh, ach is é m'Athair a thugann an t‑arán ó neamh daoibh, an t‑arán fírinneach.
Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh. Ní ionann is an manna ar ith bhur n‑aithreacha é agus go bhfuil siad marbh; an té a itheann an t‑arán seo, mairfidh sé go deo.”
D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.
As sin ar aghaidh, ón uair a d'itheadar cuid de thorthaí na tíre, níor thit an manna a thuilleadh; bhí clann Iosrael gan mhanna as sin amach, ach d'itheadar torthaí thír Chanán an bhliain sin.
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d'aon duine ach don té a ghlacann é.”