Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 6:30

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt siad leis: “Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh?

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”

Agus phléasc an altóir agus scaipeadh an luaithreach ón altóir, de réir an chomhartha a thug an giolla Dé ar ordú an Tiarna.

“Mura gcreidfidh siad thú,” arsa an Tiarna, “ná geilleadh don chéad chomhartha géillfidh siad don dara ceann.

“Nuair a déarfaidh Forann libh: ‘Déanaigí míorúilt mar chruthúnas oraibh féin,’ ní foláir duitse a rá le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus caith síos ansiúd ar bhéala Fhorainn í agus déantar nathair nimhe di.’ ”

Iad siúd a deir: “Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomh ionas go bhfeicfimid é; bearta Neach Naofa Iosrael, tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad, chun gurb eol dúinn iad.”

Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.” Iad seo a bhí á gcéasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú freisin.

Tháinig na Fairisínigh agus thosaigh siad ag argóint leis, ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, ag baint trialach as.

Ach má dhéanaim, fiú amháin mura gcreideann sibh mé, creidigí sna hoibreacha, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh, agus go dtuigfeadh sibh, go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.”

Cé go ndearna sé an méid sin comharthaí os a gcomhair ní chreidfidís ann -

D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”

Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia.

Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.”

Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis.

Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach gcreideann sibh.

Sín amach do dheaslámh chun leigheas agus míorúiltí agus éachtaí a dhéanamh in ainm do sheirbhísigh naofa, Íosa.”

Bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,”

Thug Dia féin dearbhú air le comharthaí agus le héachtaí agus nuair a dáileadh tíolacthaí an Spioraid Naoimh de réir a thola.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí