Bhí gaoth mhór ag séideadh agus d'éirigh suaitheadh ar an bhfarraige.
Óir labhair sé agus mhúscail sé an t‑anfa, agus thóg sé mórthonnta na mara.
Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.
Bhí an bád faoin am sin mórán staideanna amach ón talamh, á bocadh ag na farraigí, mar bhí an ghaoth contrártha.
agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáum. Bhí an dorchacht ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós.
Nuair a bhí cúig nó deich staid fichead d'fharraige curtha díobh acu, chonaic siad Íosa ag siúl ar an bhfarraige agus é ag teacht i gcóngar na loinge; agus tháinig scanradh orthu.