Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 6:17

An Bíobla Naofa 1981

agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáum. Bhí an dorchacht ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Ansin chuir sé d'fhiacha ar a dheisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall, go dtí Béatsáide, fad a bheadh sé féin ag scaoileadh an tslua uaidh.

Ansin chuaigh sé síos go Cafarnáum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisceabail agus d'fhan siad ann beagán laethanta.

Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum.

Bhí gaoth mhór ag séideadh agus d'éirigh suaitheadh ar an bhfarraige.

Dúirt sé na nithe seo i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí