“A dhuine uasail,” arsa an t‑easlán leis á fhreagairt, “níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t‑uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.”
Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t‑uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air).
Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: “Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?”
Iad siúd a bhíonn ag rás i gcomórtas nach bhfuil a fhios agaibh go ritheann siad go léir, ach nach mbeireann ach an t‑aon duine amháin acu an chraobh leis. Rithigíse ar shlí go mbainfidh sibh an chraobh thar barr amach.
(Óir tabharfaidh an Tiarna breith i bhfabhar a phobail, agus beidh trua aige dá shearbhóntaí.) Óir feicfidh sé gur thréig a gcumhacht, agus nach bhfuil aon duine fágtha, daor ná saor.