Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 5:40

An Bíobla Naofa 1981

ach ní áil libh teacht chugam i dtreo go mbeadh beatha agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Mise an Tiarna, bhur nDia, a sheol sibh as tír na hÉigipte; oscail do bhéal go fairsing agus líonfaidh mé é.

Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.

Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.

Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht.

“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!

Chun a chuid féin a tháinig agus níor ghlac a mhuintir é.

Ní thagann an bithiúnach ach chun bheith ag goid, ag marú agus ag milleadh. Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial.

Agus an daorbhreith, is mar seo í: mar gur tháinig an solas isteach sa saol, agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solas de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.

Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadh mar gur dóigh libh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh iontu: agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,

Ní ghabhaim glóir ó dhaoine.

Conas a b'fhéidir daoibh creidiúint, agus glóir á glacadh agaibh óna chéile gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin.

Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”

Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é.

Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé, gach duine a fheiceann an Mac agus a chreideann ann, go mbeadh an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.”

Mar pá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.

Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí