Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadh mar gur dóigh libh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh iontu: agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,
Cuardaigí i leabhar an Tiarna agus léigí; oiread agus ceann amháin níl in easnamh! Óir is é a bhéalsan a d'ordaigh é, agus a spioradsan a thug le chéile iad, gach aon acu agus a leathéan in éineacht leis.
Beidh náire ar na daoine críonna, beidh mearbhail orthu agus díomá. Féach, cé mar a dhiúltaigh siad do bhriathar an Tiarna! Cén tairbhe dóibh mar sin a gcríonnacht?
Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’ ”
Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m'Athair dom le cur i gcrích, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.
Níor aithin muintir Iarúsailéim ná a gcuid uachtarán [Íosa], ach nuair a dhaor siad é, is amhlaidh a chuir siad i gcrích ráite úd na bhfáithe a bhíodh á léamh dóibh gach lá sabóide.
Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh.
“Baineann na rúin leis an Tiarna ár nDia; ach na nithe a fhoilsítear, is linne iad agus lenár gclann go deo d'fhonn go ndéanfaimís briathra uile an dlí seo a chomhlíonadh.
Óir ní aon ghnó suarach a bheidh á dhéanamh agaibh, mar is é bhur mbeatha é, agus dá bhíthin beidh fad saoil agaibh sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin anonn lena shealbhú.”
Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.
Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.
Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad á gcéasadh mar bhí súil acu go n‑aiséireoidís chun beatha níos fearr.
Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus d'oíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t‑ádh i do bhóthar.
Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”