Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.
Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.
Dúirt Íosa léi: “Creid uaimse é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.
Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.
Óir tá cion ag an Athair ar an Mac agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin, agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.
Amen, Amen, a deirim libh, tá an uair ag teacht - tá sí ann cheana - nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.
Ar fheiceáil seo do Pheadar labhair sé leis an slua: “A fheara Iosrael,” ar seisean, “cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh iontais de seo? Nó cad chuige a bhfuil sibh ag stánadh orainne amhail is dá mba dár gcumhacht féin nó dár gcráifeacht féin a thugamar siúl don fhear seo?
Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chorp glórmhar féin - as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoina smacht.
Agus chonaic mé na mairbh, idir mhór is mhion, ina seasamh os comhair na ríchathaoireach. Agus osclaíodh na leabhair, agus osclaíodh leabhar eile, leabhar na beatha is é sin. Agus tugadh breith ar na mairbh óna raibh scríofa sna leabhair, de réir a n‑oibreacha.