Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 5:24

An Bíobla Naofa 1981

Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”

An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é.

agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú an méid sin?”

Ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus dúirt: “An té a chreideann ionamsa, ní chreideann sé ionamsa, ach sa té a chuir uaidh mé.

Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.

Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.

An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air, ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin, mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.

An té a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoraí aige. Ach an té nach gcreideann sa Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.”

Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.

Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé, gach duine a fheiceann an Mac agus a chreideann ann, go mbeadh an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.”

Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige.

Is é seo an t‑arán a thagann anuas ó neamh, i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás.

Is mise an t‑arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t‑arán seo mairfidh sé go deo, agus an t‑arán a thabharfaidh mé uaim is é m'fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”

Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh. Ní ionann is an manna ar ith bhur n‑aithreacha é agus go bhfuil siad marbh; an té a itheann an t‑arán seo, mairfidh sé go deo.”

Amen, Amen, a deírim libh, má choinníonn aon duine mo bhriatharsa ní fheicfidh sé bás choíche.”

Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost,

Ní hí an fhearg atá ceaptha dúinn ag Dia ach go mbainfimis ár slánú amach trínár dTiarna Íosa Críost,

a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibhse i nDia.

Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré.

Is eol dúinne gur aistríodh ón mbás go beatha sinne mar go dtugaimid grá do na bráithre.

Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost is ó Dhia a gineadh é, agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí