Seo mé i mo sheasamh ag an tobar fíoruisce: an ógbhean dá bhrí sin a thiocfaidh amach ag triall ar uisce agus a ndéarfaidh mé léi: Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca, le do thoil, agus a déarfaidh:
D'éirigh sé agus d'imigh mar sin go Zárafat. Nuair a bhain sé geata na cathrach amach, bhí baintreach ann ag cruinniú brosna. Chuir sé forrán uirthi agus dúirt: “Tabhair chugam le do thoil braoinín uisce i soitheach, ionas go mbeadh deoch uisce agam.”
“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”
D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”