Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 4:53

An Bíobla Naofa 1981

Thuig an t‑athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: “Tá do mhac beo,” agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Chuir sé a bhriathar chucu á leigheas; agus saoradh iad ón scrios a bhí ag bagairt orthu.

Labhair sé agus rinneadh gach aon ní. D'ordaigh sé agus ráinig siad ann.

Dúirt sé leis an taoiseach céad ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.

Dúirt Íosa leis: “Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac d'Abrahám an duine seo freisin:

Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus d'inis siad dó go raibh a mhac beo.

D'fhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: “Ar an seachtú huair inné d'fhág an fiabhras é.”

agus labhróidh sé sin na briathra leat ina bhfaighidh tú féin agus do theaghlach uile slánú.’

Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, á rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí d'fhiacha orainn dul isteach.

Ansin thug sé isteach ina theach iad agus chuir cóir bia os a gcomhair. Rinne sé féin agus a theaghlach gairdeas go raibh an creideamh faighte aige i nDia.

Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.

mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl - don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí