Dúirt an t‑oifigeach ríoga leis: “Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.”
Go ndéana a mbíonn ar do lorg ríméad agus gairdeas ionat. Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh: “Moladh leis an Tiarna!”
agus rinne achainí go crua air ag rá: “Tá m'iníon bheag ar phointe an bháis. Tar agus cuir do lámha uirthi chun go mbeadh sí slán agus go mairfeadh.”
Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.”
Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, tá do mhac beo.” Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus d'imigh.