Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 4:48

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.”

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

Dúirt an Tiarna le Maois: “An fada a bheidh an pobal seo do mo mhaslú? An fada a dhiúltóidh siad creideamh ionam d'ainneoin na gcomharthaí go léir a rinne mé ina measc?

Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.

óir beidh Críostanna bréige agus fáithe bréige ag éirí agus ag tabhairt comharthaí móra uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mb'fheidir.

“Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann.

Óir éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus tabharfaidh siad comharthaí uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mba fhéidir.

Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc.

Ach dúirt sé leis: ‘Mura n‑éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní mó a ghéillfidh siad má éiríonn duine ó mhairbh.’ ”

Cé go ndearna sé an méid sin comharthaí os a gcomhair ní chreidfidís ann -

Mura ndéanfainn na hoibreacha ina measc, nach ndearna aon duine eile, ní bheadh peaca orthu. Ach anois chonaic siad, agus is fuath leo, mise agus m'Athair, in éineacht.

D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”

Dúirt Íosa leis: “De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.”

Dúirt an t‑oifigeach ríoga leis: “Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.”

Mar sin féin thug siad tamall maith ann agus iad ag labhairt le lánmhuinín as an Tiarna, agus dheimhnigh seisean scéal a ghrásta leis na héachtaí agus na míorúiltí a dheonaigh sé dóibh a dhéanamh.

D'fhan an slua go léir ina dtost, agus d'éist siad le Barnabas agus le Pól ag cur síos ar na míorúiltí agus ar na héachtaí a bhí déanta tríothu ag Dia i measc na bpágánach.

Déanfaidh mé éachtaí sa spéir in airde agus iontais ar an talamh thíos. Beidh fuil ann agus tine agus gal deataigh.

“A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin.

Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách.

Sín amach do dheaslámh chun leigheas agus míorúiltí agus éachtaí a dhéanamh in ainm do sheirbhísigh naofa, Íosa.”

Bhí mórán míorúiltí agus éachtaí á ndéanamh ag na haspail i measc an phobail. Chruinnídís de thoil a chéile i bPóirse Sholaimh

Bhí Stiofán lán de ghrásta agus de chumhacht agus é ag déanamh éachtaí agus míorúiltí taibhseacha i measc an phobail.

Eisean a sheol amach iad agus a rinne éachtaí agus míorúiltí i dtír na hÉigipte agus ag an Muir Rua agus san fhásach ar feadh daichead bliain.

le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.

Bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,”

Tá comharthaí an aspail curtha i gcrích le barr foighne in bhur measc le míorúiltí agus le hiontais agus le fearta.

Faoi mar is dual do ghníomhaireacht Shátain, tiocfaidh [an mac mallachta] faoi lánchumhacht, le comharthaí agus le fearta bréige,

Thug Dia féin dearbhú air le comharthaí agus le héachtaí agus nuair a dáileadh tíolacthaí an Spioraid Naoimh de réir a thola.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí