Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.
Agus duine ar bith a d'fhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar m'ainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.
Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha.
Ní áil liom, a bhráithre, gan a fhios a bheith agaibh gur minic a chuir mé romham dul ar cuairt chugaibh le súil go mbainfinn fómhar in bhur meascsa chomh maith, mar a bhain mé i measc na ngintlithe eile, ach gur cuireadh bac orm go dtí seo.
Anois, áfach, ó tá sibh fuascailte ón bpeaca agus dulta i seirbhís Dé, is i an naofacht atá mar thoradh agaibh agus is i an bheatha shíoraí a deireadh siúd.
Cén tuarastal atá ag dul dom mar sin? Tá, go ndéanaim an dea-scéal a fhógairt saor in aisce gan feidhm ar bith a bhaint as an gceart is liom ón dea-scéal.
Tar éis an tsaoil, cén t‑ábhar dóchais agus áthais atá againn ach sibhse? Cén chraobh a bheidh againn le maíomh aisti os comhair an Tiarna Íosa Críost, nuair a thiocfaidh sé, ach sibhse?