Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupa seo tharam, ach ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.”
Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin. De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas agus is cóir í mo bhreith, óir ní hí mo thoil féin a shantaím ach toil an té a chuir uaidh mé.
Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m'Athair dom le cur i gcrích, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.
Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.”
Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.