Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eoin 4:31

An Bíobla Naofa 1981

Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.”

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Leagadar bia os a chomhair, ach dúirt sé: “Ní bhlaisfidh mé greim nó go mbeidh mo theachtaireacht inste agam.” “Abair leat,” arsa [Lábán].

agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifí ag tabhairt ‘raibí’ orthu.

Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t‑aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile.

D'fhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.”

Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é.

Chuimhnigh Peadar agus dúirt leis: “A Mháistir, an crann fígí ar ar chuir tú do mhallacht, féach! tá sé seargtha.”

Tháinig sé agus rinne anonn ar Íosa gan stad; “A Raibí,” ar seisean leis, agus phóg sé é.

Agus labhair Peadar le hÍosa: “A Mháistir,” ar sé, “is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias” -

D'iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D'fhreagair siad é: “A raibí” - is é sin le rá “a mháistir” - “Cá bhfuil cónaí ort?”

D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”

Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?”

Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”

Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”

Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.

Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.”

Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis: “A raibí, cén uair a tháinig tú anseo?”

D'fhiafraigh a dheisceabail de: “A raibí,” ar siad, “cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí